
Ní mór duit cuntas a bheith agat chun an suíomh seo a úsáid. Má tá cuntas agat cheana féin, ní mór duit síniú isteach.
Téarmaí agus Coinníollacha Úsáide
Tá an Tairseach seo um Iarratais ar Dheontas á hóstáil agus á rialú ag Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála na hÉireann.
Oibríonn an Roinn an Luan go dtí an Aoine (gan laethanta saoire poiblí agus laethanta saoire bainc a áireamh), ó 9am go 5pm meán-am Greenwich. Déanfar faireachán ar an gcóras le linn na n-uaireanta sin. Is féidir ceisteanna teicniúla faoin Tairseach seo a úsáid a sheoladh chuig: PortalAdmin@dfa.ie
Trí chlárú chun an tairseach a úsáid, measfar gur thug tú toiliú le bheith i do theagmhálaí de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. Soláthraítear an tseirbhís seo i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Is féidir faisnéis faoi bheartais RGCS na Roinne a fháil ar ár suíomh Gréasáin - https://www.dfa.ie/about-us/our-commitments/privacy-policy.
Forchoimeádann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála an ceart chun na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an tairseach a úsáid a leasú tráth ar bith.
Sula n-iarrfaidh tú cuntas logála isteach ar an gcóras seo, ní mór duit a chinntiú gur thug d’eagraíocht údarás dóthanach duit chun iarratas ar chistiú deontais a chur isteach thar a ceann. Níl an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála faoi dhliteanas i leith aon chostas a bhaineann le d’iarratas a chur isteach, agus ní ghabhann le cur isteach an iarratais aon ráthaíocht go n-éireoidh le d’iarratas.
Trí iarraidh a chur isteach chun clárú ar an tairseach seo, measfar gur ghlac úsáideoirí leis na Téarmaí agus Coinníollacha seo.